Mionsonraí an Agallaimh | Fad | Éist |
An saol a bhí aici, ag buachailleacht agus ag ithe glasraí amuigh sna cuibhrinn. Luibheanna a bhí ag fás, biolar (watercress), bhíodh siad a ithe. Ag amharc i ndiaidh na lacha agus an eallaigh, ag déanamh eadra agus ag obair leis an mhóin. | 00:04:23 | |
Ag caint ar obair shamhraidh, jabanna in óstáin agus an t-idirdhealú a rinne na mná rialta, nach dtiocfadh leis na cailíní seo airgead a shaothrú ag obair taobh amuigh den bhaile ach chuir an cogadh deireadh le sin. Bhí idirdhealú déanta idir na mná rialta a bhí ina múinteoirí agus iad sin nach raibh fosta. Bhíodh naprúin ghorma agus bán ar na mná rialta nach raibh ag teagasc. | 00:03:36 | |
Iad ag baint na múiríní agus préataí thíos ar an Dúbhaidh. Tá barraíocht coiníní ann anois le rud ar bith a chur ann. | 00:02:07 | |